Oiliúint

baile » Oiliúint » Oiliúint Fostaithe » Screen Training Ireland

Screen Training Ireland

Screen Training Ireland

Séard is FÁS Screen Training Ireland ná acmhainn forbartha agus oiliúna státmhaoinithe a cruthaíodh go speisialta do thioscal scannánaíochta agus teilifíse na hÉireann. Acmhainn ann féin é do thionscal scannánaíochta ne hÉireann é, ag cur oiliúna ar fáil ag lucht gairme don lucht gairme.

Bunaíodh é sa bhliain 1995 chun deiiseanna leanúnacha oiliúna agus forbartha a chur ar fáil don lucht gairme sa tionscal neamhspleách scannánaíochta agus teilifíse, agus tá sé bunaithe ar chur chuige comhoibríoch leis an tionscal.

Tá Screen Training Ireland i bpáirtíocht le líonra de dhaoine gairmiúla, áitiúil agus idirnáisiúnta, chun oiliúint den scoth a aithint, a dhearadh agus a sholáthar. Is é an bunús leis an bhforbairt ná a bheith in ann oiliúint a chur ar fáil do chleachtóirí agus comhlachta a chuirfidh lena saintaithí i scannáin, teilifís, beochan agus na meáin digiteacha. Tá raon leathan de chúrsaí oiliúna ar fáil le faid éagsúla sna réimsí gairme ar fad.

Baineann Screen Training Ireland leas as comhaontú idirnáisiúnta deimhniúcháin.

Tá Screen Training Ireland á mhaoiniú ag FÁS, Bord Scannán na hÉireann, agus ioncam ó tháillí. Freisin, tá scéim sparántachta ag FÁS do phroifisiúnaigh na hÉireann a bhfuil taithí acu

Tá tuilleadh eolais ar Suíomh Gréasáin Screen Training Ireland nódéan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie