Oiliúint

baile » Oiliúint » Printíseachtaí » Cúnamh do Phrintísigh Iomarcacha

Cúnamh do Phrintísigh Iomarcacha

Cúnamh do Phrintísigh Iomarcacha


Má chuirtear deireadh le fostaíocht de phrintíseach cláraithe le FÁS mar gheall ar easpa oibre ar fáil, ba chóir dó / di:

§ É a chur in iúl do Sheirbhísí do Ghnó FÁS ar an bpointe faoina stádas iomarcach.

§ Clárú leis an Oifig áitiúil um Sheirbhísí Fostaíochta FÁS chun cúnamh a fháil d'fhonn fostaíocht nua a dhaingniú chun ligean dó/di leanúint ar aghaidh lena n-oiliúint phrintíseachta.

§ Is féidir teacht ar eolas maidir le folúntais fhostaíochta trí ghlaoch a chur ar Jabanna Éireann FÁS ag Saorghlao 1 800 611 116 nó ar láithreán gréasáin FÁS (www.fas.ie)

§ Coinnigh Seirbhísí do Ghnó FÁS ar an eolas faoi na sonraí go léir a bhaineann lena printíseacht/phrintíseacht le fostóir faofa ag FÁS ionas gur féidir an tréimhse seo a chreidiúnú agus críochdháta a phrintíseachta/printíseachta á ríomh.

D'fhonn cuidiú le printísigh iomarcacha a gcuid printíseachta a chríochnú, tá na bearta seo a leanas eatramhacha i bhfeidhm ag FÁS: -

  1. Is féidir le printísigh a rinneadh iomarcach dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile oiliúna lasmuigh den phost dá bprintíseacht, de réir na gcritéar sceidealta reatha.

  2. Is féidir le printísigh iomarcacha leas a bhaint as cúrsaí oiliúna um scileanna atá ann cheana féin a chuirfeadh lena scileanna infhostaithe. Féadfaidh siad freisin leas a bhaint as raon cúrsaí oíche a bhíonn ar fáil i Lárionaid Oiliúna FÁS.

  1. D'fhorbair FÁS measúnachtaí Chéim 7 (a choibhéis) do phrintísigh iomarcacha ar an chéim dheireanach dá bprintíseacht i gceirdeanna na Cearpantóireachta & Siúinéireachta, Leictreacha, Pluiméireachta, Saor Cloiche & Bríceadóireacht, Caibinéid a dhéanamh agus Plástrála. Iarrtar ar phrintísigh iomarcacha ar mian leo coibhéis de Chéim 7 teagmháil a dhéanamh lena Comhairleoir Oiliúna Sinsearacha.

  2. Thug FÁS Meicníocht Chinneadh Inniúlachta (CDM) isteach ( leis an meicníocht seo, tabharfar an deis do phrintísigh iomarcacha a gcuid scileanna agus eolas a léiriú i gcoinne an caighdeán ceirde don trádáil shonraithe le linn roinnt laethanta in ionad oiliúna FÁS) chun printísigh iomarcacha incháilithe a chur ar chumas ar dtús i gceirdeanna na Cearpantóireachta & Siúinéireachta, Saor Cloiche & Bríceadóireachta, Leictreacha, Plástrála, agus Pluiméireachta chun dul chun cinn i dtreo a gcuid printíseachta a chríochnú.

Tabharfar iad siúd ar éirigh leo pas a fháil sa Mheicníocht Chinneadh Inniúlachta chun cinn le haghaidh bronnadh an Ard-Teastas FETAC Leibhéal 6 - Ceardaíocht.

Incháilitheacht le haghaidh Meicníocht Chinneadh Inniúlachta

D'fhonn a bheith incháilithe le haghaidh an Meicníocht Chinneadh Inniúlachta ní mór do na printísigh iomarcacha na critéir seo a leanas a chomhlíonadh: -

· Bí iomarcach mar phrintíseach de réir mar a d'fhógair a bhfostóir agus a bheith cláraithe le Seirbhísí Fostaíochta FÁS

agus

· Céimeanna 1 - 7 go huile a chríochnú go sásúil, agus an caighdeán íosta á bhaint amach,

agus

· Gan 4 bliana i bhfostaíocht mar phrintíseach sa cheird a bheith déanta aige/aici.

Gheobhaidh printísigh iomarcacha litir ó FÁS ag tabhairt cuireadh dóibh a gcuid suime páirt a ghlacadh i CDM a chlárú.

  1. Rachaidh FÁS i dteagmháil le printísigh iomarcacha atá cláraithe le 4 bliana agus atá tar éis gach Céim 1-7 a chríochnú ach nach bhfuil 4 bliana fostaíochta mar phrintíseach sa cheird shonraithe críochnaithe acu, (gan Meicneoir Ceardaíochta Aeir agus na ceirdeanna tríd an Mheicníocht Chinneadh Inniúlachta san áireamh; Saor Cloiche & Bríceadóireacht, Cearpantóireacht & Siúinéireacht, Leictreach, Plástráil, agus Pluiméireacht) d'fhonn punann fhianaise a chur isteach faoi Aitheantas Réamhfhoghlama lena bhreithniú ag an bhFochoiste Comhairleach Náisiúnta um Printíseacht chun Ardteastas – Ceardaíocht a dhámhadh.

  1. Scéim Socrúcháin do Phrintísigh Iomarcacha

 

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an scéim, ba chóir go dtéann na Printísigh Iomarcacha dul i dteagmháil leis an oifig áitiúil um Sheirbhísí do Ghnó de chuid FÁS, tá na sonraí anseo thíos

Sonraí Teagmhála Sheirbhísí do Ghnó FÁS

Uimh. Ghutháin

Baile Átha Cliath Thuaidh:

Ionad Oiliúna FÁS , Eastát Tionscail , Bhaile Dúill 13

01 8167400

Baile Atha Cliath Thuaidh:

Ionad Oiliúna FÁS, Fionnghlas, Eastát Tionscail Chrann Phapáin, Bóthar Bhaile Shéamais, Sráidbhaile Fhionnghlaise, Baile Átha Cliath 11

01 8140200

Baile Átha Cliath Theas

Ionad Oiliúna FÁS, Bóthar Wyattville, Baile Uí Lachnáin

01 2043600

Baile Átha Cliath Thiar

Ionad Oiliúna FÁS, Cnoc Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10

01 6055900

Lár Tíre

Sheirbhísí do Ghnó FÁS, Cearnóg an Mhargaidh

An Longfort”

043 3328807

An tIarthar Láir

Ionad Oiliúna FÁS, Eastát Tionscail an Ráithín, Luimneach

061 487900

an tIarthar

Ionad Oiliúna FÁS, Eastát Tionscail, Mervue, Gaillimh

091 706200

An tIardheisceart

Ionad Oiliúna FÁS, Ascail Rosa, Baile an Easpaig, Corcaigh

021 4856200

An tOirdheisceart

Ionad Oiliúna FÁS, Eastát Tionscail, Bóthar Chorcaí, Port Láirge

051 301500

An tOirthuaisceart

Ionad Oiliúna FÁS, Bóthar Uí Chofaigh, Dún Dealgan, Contae Lú

042 9355700

An tIarthuaisceart

Ionad Oiliúna FÁS, Baile Uí Theimhneáin, Sligeach

071 9159500

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie