Ní mór do phrintísigh a bheith ar a laghad 16 bliana d'aois agus ar a laghad grád D in aon chúig ábhar sa Teastas Sóisearach nó a chomhionainn. B'fhéidir go mbeidh íoscháilíochtaí breise ag fostóirí, áfach.
Fiú mura sásaíonn daoine aonair na híosriachtanais is féidir leo a bheith cláraithe mar phrintísigh ag fostóir más rud é:
- Go gcríochnaíonn siad cúrsa oiliúna ullmhúcháin ceadaithe agus agallamh measúnaithe go rathúil. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na cúrsaí seo déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil;
- nó
- Go bhfuil siad os cionn 18 mbliana d'aois le trí bliana ar a laghad de thaithí chuí oibre agus go gcríochnaíonn said agallamh measúnaithe go rathúil.
Caithfidh printísigh a bheith cláraithe sa ghairm atá roghnaithe acu ag fostóir atá ceadaithe ag FÁS. Caithfidh an fostóir an printíseach a chlárú le FÁS laistigh de 2 sheachtain ón earcaíocht.
Critéirí Measúnaithe
Déantar measúnú ar phrintísigh ar bhonn leanúnach struchtúrtha le linn na printíseachta. Déantar measúnú modúlach le linn na gcéimeanna lasmuigh den phost. Áirítear obair chúrsa, measúnuithe praiticiúla agus measúnuithe teoirice. Le linn na gcéimeanna oiliúna ar an bpost, measann an fostóir cumas an phrintísigh bunaithe ar chaighdeáin réamh-shannaithe.
Faoi na rialacha reachtúla meastar go bhfuil críoch uathoibríoch le printíseacht má theipeann ar an bprintíseach, tar éis trí iarracht, an caighdeán sannaiteh a shroichint, in aon cheann de na measúnuithe modúlacha lasmuigh den phost. É sin ráite, cuireann FÁS meicníocht ar fáil dos na printísigh agus na fostóirí araon achomharc a dhéanmah ar chríoch dá leithéid. I gcásanna go n-éiríonn le hachomhairc tugtar an ceathrú deis (iarracht deiridh) don phrintíseach.