Oiliúint

baile » Oiliúint » Printíseachtaí » Printíseachtaí

Printíseachtaí

Cáilíocht mar Cheardaí

Is iad printíseachtaí an bealach aitheanta le daoine a oiliúint ina gceardaithe in Éirinn. Tá na príomhcheirdeanna (féach Liosta) sainithe ag FÁS agus tagann siad laistigh de scóip an chórais Printíseachta Reachtúil, a eagraíonn FÁS in Éirinn i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, fostaiteh agus ceardchumainn.

Séard is printíseacht ann ná clár oideachais agus oiliúna a thiomáintear ag éileamh, a tharlaíonn san ionad oibre agus sa seomra ranga, do dhaoine fostaithe atá dírithe ar scileanna an phrintísigh a fhorbairt chun riachtanais na tionsclaíochta agus an mhargaidh saothair a fhreagairt. Tá an Curaclam do ghach clár printíseachta bunaithe ar chaighdeáin aonfhoirmeacha réamhshainithe atá aontaithe agus cinnithe ag tionsclaíocht. Nuair a chríochnaítear printíseacht go rathúil, bronntar Ard-Teastas FETAC ; tugtar aitheantas idirnáisiúnta dó seo mar riachtanas do stádas ceardaí.

Íocann an fostóir an Ráta Pá Printísigh Tionsclaíochta le printísigh (b'fhéidir go mbeidh athruithe sa ráta a íoctar ag brath ar an gceird agsu ar an bhfostóir). Go ginearálta, tá rátaí bunaithe ar an mbliain agus méadaíonn siad i rith na printíseachta; ba chóir sonraí a sheiceáil leis an bhfostóir ionchasach. I rith na hoiliúna ar láthair eile, íocann FÁS Liúntas Printíseachta le gach printíseach agus, nuair is cuí, íocann FÁS ranníocaíocht do chostais taistil nó lóistín. Tá deontais ann freisin chun fostóirí a mhealladh le Printísigh Mná a earcú agus a chlárú. 

Meastar an timthriall printíseachta a bheith iomlán nuair atá na céimeanna ar fad den phrintíseacht - ar an láthair agus ar láthair eile go malartach - críochnaithe ag printíseach, laistigh den fráma ama is lú ó dháta an chláraithe, chomh maith leis an gcaighdeán cáilithe a bhaint amach le linn na printíseachta. Ní mór an phrintíseacht a chríochnú go rathúil chun go mbronnfar Ard-Teastas FETAC. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Phrintíseachtaí, féach   CÓD Cleachtais Printíseachta,       Incháilitheacht, Measúnú agus Sochair.

Tá eolas faoi róil na ndaoine atá páirteach ar fáil sa phaca do Chlárúchán Printísigh. Chun paca a fháil, chomh maith le tuilleadh eolais ar bheith i do phrintíseach nó printíseach a fhostú, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie