Oiliúint

Creatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí

Cáilíochtaí dos na Leibhéil Uilig

Struchtúr 10-leibhéal is ea Creatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí. Nasctha le gach leibhéal tá cnuasach de thorthaí foghlama a bhfuiltear ag súil go mbainfidh foghlaimeoir amach má tá sé/sí le dámhachtain a fháil ag an leibhéal sin. Ag gach ceann de na 10 leibhéal, tá cineál dámhachtaine amháin nó níos mó. Séard is cinéal dámhachtaine ann ná cineál de dhámhachtain ainmnithe le tréithe comónta agus atá neamhspleách ar réimsí foghlama, m.sh. Teastas Leibhéal 5.

Ar an gcreatlach, bronnann Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) agus na hOllscoileanna dámhachtainí ag leibhéil 7 go 10. Ag leibhéal 6, bronnann  FETAC an Teastas Breischéime agus bronnann HETAC agus DIT an tArdteastas. Ag leibhéil 3 go 5, bronnann an Coimisiún Scrúduithe Stáit (SEC/Roinn Oideachais agus Eolaíochta) an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Bronnann FETAC na dámhachtainí eile ag leibhéil 1 go 5.

Cuimsíonn oiliúint FÁS leibhéil 3 go 6. Tá scileanna tosaigh gairme ag leibhéal 3; tá teastais sainscileanna agus náisiúnta ag leibhéil 4, 5 agus 6; agus tá an teastas náisiúnta ceirde ag leibhéal 6.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie