Oiliúint

baile » Oiliúint » Soláthar Oiliúna » Deimhniú » Deimhniú

Deimhniú

FÁS & Creatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí

Le tabhairt isteach Acht na gCáilíochtaí (Oideachas & Oiliúint) 1999, tharla roinnt athruithe suntasacha a chuaigh i gcion go díreach ar réimse an bhreisoideachais agus na hoiliúna in Éirinn. Is iad na forbairtí is suntasaí ná bunú Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI), Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) agus Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC).

Tá an NQAI tar éis Creatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ) a chruthú, bunaithe ar chaighdeáin eolais, scileanna agus cumais. Cuireann an NFQ struchtúr ar fáil a nglactar leis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le tomhas agus comparáid a dhéanamh idir na gnóthachtálacha foghlama ar fad. Cuireann an creatlach seo soiléire ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus fostóirí araon, ar chineál agus leibhéal na gcáilíchtaí atá ar fáil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie