Cur chuige FÁS um Pholasaí Dheimhniú Cáilíochta
Mar aitheantas agus ag tacú le riachtanais an Achta um Cháilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999, tugann Ráiteas Straitéise FÁS 2006-2009 tiomantas maidir le:
...seirbhísí de cháilíocht níos airde, níos nuálaí agus níos solúbtha a sholáthar do chustaiméirí… trí ghlacadh le cultúr na cáilíochta agus scoth na seirbhíse, trí Chláracha agsu Seirbhísí a sholáthar atá ceadaithe agus creidiúnaithe ag na Comhairlí Dámhachtainí agus trí aiseolas ón gcustaiméar agus feabhas leanúnach a lorg.
Bunaithe ar dheachleachtas a bhí ann cheana, bhunaigh FÁS creatlach do pholasaí Dheimhniú Cáilíochta (QA). Tugann an cur chuige polasaí seo aitheantas do riachtanais HETAC agus FETAC i gcomhthéacs FÁS, tógann sé ar riachtanais QA FÁS féin, agus cuireann sé le polasaithe agus cleachtas do dheimhniú cáilíochta atá ann. Ar an gcaoi seo, tógann an cur chuige ar éiteas cáilíochta FÁS.
Tá cumas na hÉireann chun fás eacnamaíochta a choinneáil ag brath ar chláracha oiliúna atá bainteach, solúbtha agus creidiúnaithe. Agus é ag cothú oiliúint atá éifeachtach ó thaobh costais de agus dírithe ar an gcustaiméir, tá FÁS tiomanta chun Treoirlínte Oiliúna a chur ar fáil dá chúrsaí oiliúna ar fad.
Chruthaigh FÁS agus Enterprise Ireland Clár Náisiúnta na nOiliúnóirí chun cuidiú le teacht ar sholáthróirí oiliúna cáilithe agus ceadaithe.
Ceadaíonn bunú na neagras cáilíochta le Deimhniú oifigiúil, agus freisin le haitheantas náisiúnta agus iidirnáisiúnta ar scileanna, eolas agus cumais a bhfuarthas le linn na hoiliúna.