Oiliúint

e-Choláiste

Foghlaim ar do Chaothúlacht

Tugann e-Choláiste deiseanna cianfhoghlama agus forbarth tríd an Iidirlíon. Tacaíonn e-Choláiste le foghlaim ar feadh saoil trí eolas a mheascadh le teicneolaíocht chun taithí fiúntach foghlama a chruthú trí oiliúint ar líne. Séard is oiliúint ar líne ann ná cianoiliúint féin-rialaithe a sholáthar agus a bhainistiú ag baint úsáide as an Idirlíon. Deartar cúrsaí e-Choláiste dóibh siúd gur mian leo a scileanna a uasghrádú nó scileanna nua a fháil le staidéar ag cibé ráta is mian leo. Cuimsíonn na cúrsaí iliomad ábhair, ó dhearadh gréasáin go sláinte agus sábháilteacht mar shampla, agus tá dearbhú aitheanta ag an-chuid cúrsaí. Aimsigh an Liosta iomlán de chúrsaí e-Choláiste.

Teicneolaíocht 24/7

Le e-Choláiste tá réimse leathan de bhogearraí cúrsaí atá ar fáil 24/7 agus tá tacaíocht teicniúil ar fáil le linn uaireanta gnó.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi e-Choláiste lena n-áirítear réimse na gcúrsaí, táillí, dearbhú agus iarratas, agus chun cúrsa trialach a ghlacadh saor in aisce, féach an Suíomh Gréasáin e-Choláiste  ar leith. De rogha air sin, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie