Oiliúint

Oiliúnaitheachtaí

Clár Oiliúnaitheachta Náisiúnta FÁS

Séard is Clár Oiliúnaitheachta Náisiúnta FÁS ann ná clár forbartha scileanna gairme a mheascann oiliúint fhoirmeálta le FÁS le hoiliúint san ionad oibre le fostóir. Tá an t-ábhar oiliúna agus caighdeáin gairme dos na hoiliúnaitheachtaí uilig bunaithe ar chomhairle le fostóirí, ceardchumainn, eagrais rialaithe agus páirtithe leasmhara.

Féach mar a oibríonn an clár i Struchtúr agus Fad Chúrsa.

Tá réimse d'oiliúnachtaí FÁS ann, in oiriúint do riachtanais thionscal na hÉireann agus gnólachtaí áitiúla, a chuireann oiliúint gairme agus cáilíochtaí aitheanta do rannpháirtiteh an chláir.

Nuair a chríochnaíonn na foghlaimeoirí na tascanna uilig go rathúil d'oiliúint ar an bpost agus lasmuigh den phost, gheobhaidh siad dámhachtain FETAC ag leibhéal an Teastais nó an Ard-Teastais. Feidhmíonn sé seo mar cháilíocht náisiúnta aitheanta trí Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI).

Tá réimse leathan i Liosta na gcúrsaí Oiliúnaitheachta ó Oibrí Uathchasadh go Marcach faoi Oiliúint.

Dírítear oiliúnaitheachtaí ar iontrálaithe nua sa mhargadh saothair agsu daoine dífhostaithe. Caithfidh rannpháirtithe aois fágála scoile 16 bliana a bheith sroichte acu. Ní mór a chur san áireamh go gcaithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn agus a bheith cláraithe le d'Oifig FÁS áitiúil sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon cheann d'Oiliúnaitheachtaí FÁS.

Tréith suntasach den Chlár Oiliúnaitheachta is ea an ról atá ag fostóirí sa phróiseas oiliúna. Tá iliomad buntáistí ann d'fhostóirí agus fostaithe araon, idir feabhas sa tairgíocht agus rochtain ar dheiseanna fostaíochta.

Ba chóir d'iarrthóirí dul i detagmháil leis an Oifig FÁS áitiúil do bhreis eolais.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie