Pobail

baile » Pobail » Clár Léaslínte Níos Leithne » Incháilitheacht agus Céimeanna an Chláir

Incháilitheacht agus Céimeanna an Chláir

Incháilitheacht – Rannpháirtí

Dearadh an Clár Léaslíinte Níos Leithne do dhaoine idir 18 agus 28, ina gcónaí i dTuaisceart Éireann nó i gcontaethe ar an teorainn atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta nó go heacnamaíoch nó mar thoradh ar ghnáthachtáil theoranta acadúil nó dífhostaíocht. (Tá agallamh sa phróiseas roghnúcháin.)

Incháilitheacht – Urraitheoir

Cuireann páirtíochtaí tras-teorainn agus tras-phobail de ghrúpaí pobail agus eile an Clár Léaslíinte Níos Leithne ar fáil i limistéir ar leith tíre atá thíos go mór le dífhostaíocht agus míbhuntáiste. Is iad na limistéir seo ná Tír Eoghain Dún na nGall (Tír Eoghain, Fear Manach, Dún na nGall, Sligeach agsu Liatroim); Springboard Opportunities (Béal Feirste Thuaidh, Theas agus Thiar, Lios na gCearrbhach/Thuaidh agus ceantair Thamhlachta agus Bhaile Munna i mBaile Átha Cliath); agus MAPP (Muineachán, Lú agus Banna Thuaidh).

Is féidir le grúpaí nó eagrais aonair tograí le spéis ar leith nó le nádúr nuálach a chur isteach le measúnú a fháil.

Céimeanna an Chláir

Céimeanna an Chláir Léaslíinte Níos Leithne

Céim 1: Roimh Imeacht (5-12 seachtain)

Cuimsíonn sé seo oiliúint scileanna, comhthuiscint, réiteach aighnis, tógáil foirne agus forbairt phearsanta.

Céim 2: Thar lear

Cuimsíonn sé seo taithí oibre i suíomh thar lear chomh maith le leanúint den chomhthuiscint agus forbairt phearsanta.

Céim 3: Filleadh

Cuimsíonn sé seo críochnú leis an gcáilíocht agus scileanna poist a fhorbairt chun cur isteach ar phoist nó cúrsaí breise oiliúna/oideachais.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie