Comhoibriú Thuaidh-Theas
Díríonn an Clár Léaslínte Níos Leithne ar dhaoine dífhostaithe faoi mhíbhuntáiste idir 18 agus 28 i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann araon. Tá sé d'aidhm ag an gclár comhthuiscint agus athmhuintearthas a chothú idir an dá thraidisiún i dTuaisceart Éireann agsu sa Phoblacht. Tá an clár á mhaoiniú ag an gCiste Idirnáisiúnta d'Éiirinn (IFI) agus á rith ag FÁS agus an Roinn Fostaíochta agus Foghlama i dTuaisceart Éireann.
Maireann an Clár Léaslínte Níos Leithne do thréimhse 20 seachtaine ar an meán (féach Céimeanna an Chláir) agus bíonn 21 rannpháirtí ann a roghnaítear go cothrom ón dá thraidisiún i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann (féach Incháilitheacht Rannpháirtithe). Cuimsíonn an clár oiliúint agus taithí oibre sa bhaile agus thar lear; áiríonn suímh thar lear Ceanada, SAM, an Spáinn, an Afraic Theas agus an Chipir. Deartar é chun scileanna, taithí agus cáilíochtaí a thabhairt do rannpháirtithe a chuideoidh leo dul ar aghaidh chuig oiliúint mórshrutha agus/nó fostaíocht.
Cuimsíonn tograí réimse leathan d'earnálacha tioscail agus réimsí mar seo a leanas: turasóireacht agus fáilteachas, riarachán gnó, ilmheáin, teicneolaíocht chruthaitheach agus dearadh gréasáin, scileanna meáin, bainistiú foirgnimh agus forbairt pobail (m.sh. spóirt óige). Chomh maith leis na gnéithe oiliúna, pléann na tograí uilig le comhthuiscint agus síocháin agus athmhuintearas, atá mar bhunphrionsibail sa chlár. Féach Incháilitheacht Urraitheora.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gClár Léaslínte Níos Leithne, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.