Aidhmeanna & Buntáistí Chlub Jabanna
Tá sé d'aidhm ag Club Jabanna feasacht a leathnú agus cuidiú le rannpháirtithe tuiscint conas is féidir le teicnící simplí scileanna cuardaigh poist a fheabsú go mór. Is féidir le ballraíocht i gClub Jabanna cuidiú le rannpháirtithe a bheith níos mó ar an eolas faoina gcumais pearsanta fostaíochta/margaíochta. Tá béim ar scileanna a fhoghlaimítear agus cáilíocht á fháil, ní díreach an t-ábhar féin.
Is féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh trí Chlub Jabanna:
- Scileanna agus teicnící cuardaigh poist a fhorbairt ar nós Curriculum Vitae agus litir iarratais a ullmhú;
- Plean cuardaigh poist aonair a fhorbairt;
- Ullmhú d'agallaimh;
- Naisc agus caidreamh a thógáil;
- Scileanna cumarsáide a fhorbairt chomh maith le scileanna teanga coirp;
- Láidreachtaí agus scileanna aonair a aithint agus iad a mheaitseáil do dheiseanna oibre áitiúla;
- Bealaí a aithint chun cumais déanamh cinntí i gcuardach poist a fheabhsú;
- Deiseanna oibre áitiúla a fhiosrú agus a mheas;
- Rochtain a fháil ar áiseanna an Chlub Jabanna (gutháin, ríomhaire, rphost, nuachtáin srl.);
- Líonra teagmhálacha a fhorbairt a chuideodh le hobair a fháil.
Ábhar agus Fad an Chúrsa
Ábhar Chúrsa Chlub Jabanna
Áirítear na hábhair seo a leanas san oiliúin: sláinte agsu sábháilteacht, rialacha agus rialacháin, saol na hoibre, ullmhú C.V., pleanáil slí beatha, díriú ar phost, scileanna cuardaigh poist, poist a aimsiú, iarratais a dhéanamh ar phoist, treallús, teicnící agallaimh, agus bréagagallaimh.
Fad Chúrsa Chlub Jabanna
De ghnáth maireann oiliúint Chlub Jabanna ar feadh 3 go 5 seachtain; ach cuirfear seirbhísí tacaíochta ar fáil chomh fada agus a ghlacann sé don rannpháirtí post a fháil.