Pobail

baile » Pobail » Clubanna Jab » Clubanna Jab

Clubanna Jab

Cuireann Clubanna Jab oiliúint ar fáil chun cabhrú le rannpháirtithe, atá réidh don obair, scileanna a fhorbairt ar féidir a úsáid chun jab a aimsiú. Tarlaíonn an próiseas gníomhach, praiticiúil agus rannpháirtíoch seo faoi theoir agus maoirsiú chinnire an Chlub Jab. Foghlaim tuilleadh faoi Aidhmeanna agus Buntáistí a bhaineann le Club Jab.

Is féidir le duine ar bith atá réidh don obair agus atá idir 16 agus 64 bliana d’aois ballraíocht a ghlacadh i gClub Jab. Ní gá do rannpháirtithe a bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ach má tá, ní chuirfear isteach air trí bhallraíocht a ghlacadh i gClub Jab.

Tá réimse d’ábhair oiliúna ann ó sláinte agus sábháilteacht go teicnící agallaimh agus maireann siad suas go 5 seachtain (féach Ábhar agus Fad Chúrsa).

Coinníonn rannpháirtithe i gClub Jab a liúntais leasa shóisialaigh le linn na modúl oiliúna agus faigheann siad €20 in aghaidh na seachtaine chun cuidiú le costais bhreise.

Cliceáil ar an nasc chun Suímh Chlubanna Jab ar fud na tíre a fheiceáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chlubanna Jab, déan teagmháil le d’Oifig FÁS áitiúil.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie