Togra is ea clár oibre gur mian le grúpa nó eagras tabhairt faoi. Beidh plean gníomhaíochta ag togra maith le torthaí ar leith, agsu tréimhse ar leith ian mbainfear amach na torthaí sin. Tá suim ag FÁS tograí a cheadú a mhairfidh ó bhliain amháin go 3 bliana; beidh tacaíocht i gcónaí ag brath ar athbhreithniú bliantúil agus infhaighteacht airgid.
Is iad na tograí atá incháilithe ná iad siúd:
- A fhreagraíonn do riachtanas aiteanta pobail;
- A chuireann forbairt ar fáil do rannpháirtithe i réimsí a bhaienann le hoidhreacht, ealaíona, cultúr, turasóireacht, spórt agus an comhshaol;
- A bhfuil comhaontú na gceardchumann cuí acu;
- Nach scriosann nó nach dtagann in ionad post atá ann cheana;
- A thairgíonn taithí oibre luachmhar do rannpháirtithe.
Is iad na tograí nach bhfuil incháilithe ná iad siúd:
- A bhfuil claonadh poilitiúil nó tráchtála acu;
- Ina bhfuil gné substaintiúil trádála;
- A fheabhsaíonn maoin phríobháideach;
- A bhfuil gnóthachan príobháideach mar thoradh orthu.
Is féidir le foireann FÁS breis comhairle a thabhairt d'urraithe ar incháilitheacht.