Is féidir le heagraíochtaí deonacha agus comhlachtaí poiblí maoimiú a thabhairt do thograí atá ann do leas an phobail. D'fhonn cuidiú le soláthar forbartha agus oiliúna do rannpháirtithe, molann FÁS gp bhfostódh tograí 15 rannpháirtí nó níos mó agus maoirseoir lánaimseartha. Féach tuilleadh faoi
Thograí Incháilithe.
Tugtar acmhainní don mhaoinitheoir le daoine dífhostaithe a fhostú mar rannpháirtithe. Mar thoradh ar tréimhse caite ag obair ar thionscnamh, cuireann rannpháirtithe lena seansanna a bheith suite i bhfostaíocht áit éigin eile san eacnamaíocht áitiúil. Tá na critéirí incháilitheachta leagtha amach sa rannóg ar Incháilitheacht Rannpháirtithe.
Íocann FÁS deontas pá do rannpháirtithe don tréimhse fostaíochta iomlán. Tabharfar ranníocaíocht do chostais maoirseoireachta lánaimseartha agus d'ábhair, chomh maith le deontais d'fhorbairt rannpháirtithe – deontas oiliúna sainscileanna. Is féidir mionsonraí a fháil ag Liúntais agus Maoiniú. Mar mhaoinitheoir ar na rannpháirtithe, is é an dliteanas ÁSPC ná an ráta Sochar Gortuithe Gairme de 0.5%. Cuidíonn FÁS le costais ÁSPC an mhaoinitheora le maoirseoir a fhostú (Ráta A). Déanfar ioncam a mheas do ÍMAT sa ghnáthbhealach.
Má mheasann tú go mba mhaith leatsa nó le d'eagras clár Fostaíochta Pobail a mhaoiniú, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig do Bhainisteoirí Seirbhísí Pobail FÁS le plean a leagann amach d'aidhmeanna agus clár oibre. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.