Pobail

Incháilitheacht – Rannpháirtí

Tá na critéirí do rannpháirtíocht ar an gclár Fostaíochta Pobail bunaithe ar aois agus fad ama ag fáil leas shóisialaigh áirithe. Go ginearálta, tá an Rogha Comhtháite Páirtaimseartha ann do dhaoine 25 bliana d'aois nó níos mó atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh do bhliain amháin nó níos mó, agus daoine 18 mbliana d'aois nó níos mó atá ag fáil íocaíochtaí a bhaineann le míchumas. Tá an Rogha Poist Páirtaimseartha ann do dhaoine 35 bliana d'aois nó níos mó atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh do 3 bliana nó níos mó.

Tá grúpaí áirithe ar nós an lucht siúil agus teifigh 18 mbliana d'aois nó níos mó atá incháilithe don dá rogha. Má cháilíonn tú faio na critéirí ach nach mian leat an rogha a ghlacadh tú féin, tá coinníollacha áirithe faoinar féidir leat malartú a dhéanamh le do chéile.

Tabhair faoi deara go bhfuiil incháilitheacht do rannpháirtíocht ar an gclár Fostaíochta Pobail nasctha dóibh siúd atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh Éireannach (Nuair a shannaítear). Níl daoine nach sásaíonn na critéirí faoi na roghanna Comhtháite Páirtaimseartha nó Poist Páirtaimseartha, nó daoine atá ag síniú le haghaidh creidiúnaithe, nó atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh ó thír eile, i dteideal páirt a ghlacadh i bhFostaíocht Pobail.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie