Pobail

baile » Pobail » Fostaíocht Pobail » Fostaíocht Pobail

Fostaíocht Pobail

Séard is Fostaíocht Pobail ann ná clár fostaíochta agus oiliúna a chuidíonn le daoine atá dífhostaithe le fada dul isteach arís sa lucht saothair tré ghnás na dífhostaíochta a bhiseadh le gnás filleadh ar obair. Cuidíonn an clár leo a scileanna pearsanta agus teicniúla a fheabhsú agus a fhorbairt, agus is féidir iad sin a úsáid san ionad oibre.

Tá an clár á thacú ag grúpaí atá ag iarraidh cuidiú leis an bpobal áitiúil, is iad sin eagraíochtaí deonacha agus comhlachtaí poiblí atá páirteach i ngníomhaíochtaí neamhbhrabúsacha.

Chun páirt a ghlacadh sa chlár Fostaíochta Pobail FÁS, caithfidh tú:

Tugann FÁS tacaíocht airgeadais i bhfoirm Liúntais agus Maoiniú chun cuidiú le Tionscnamh Oiliúna Áitiúil, mar shampla, liúntais oiliúna do rannpháirtithe agus deontais do mhaoirseoirí, ábhair agus deontais d'oiliúint i scileanna speisialta.

Tugtar an oiliúint trí Fhostaíocht Pobail laistigh de Chreatlach Dheimhniú Cáilíochta. Féach sonraí de Dhamhachtainí FETAC agus cáilíochtaí atá le baint amach agus a leanann go damhachtainí ar an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí.

Déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúildo bhreis eolais faoin bhFostaíocht Pobail nó tabhair cuairt ar an rannóg Oiliúna do réimse iomlán chúrsaí FÁS.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie