Clár Fostaíochta faoi Thacaíocht
Is tionscnamh gníomhach sa mhargadh saothair é an Clár Fostaíochta faoi Thacaíocht chun cuidiú le cuardaitheoirí poist faoi mhíchumas fostaíocht a aimsiú sa mhargadh saothair oscailte.
Cuidíonn an Clár Fostaíochta faoi Thacaíocht le daoine faoi mhíchumas a chuimsiú i bhfostaíocht íoctha sa sa mhargadh saothair oscailte, ag soláthar tacaíochta chun cuidiú leis an bpróiseas cuimsithe seo agus chun riachtanais saothair fhostóirí a shásamh.
4 Chéim
Tá ceithre phríomhchéim ag Fostaíocht faoi Thacaíocht:
| Céim A: |
Measúnú Riachtanais. Nuair a tharchuirtear duine d'Fhostaíocht faoi Thacaíocht, déanfaidh speisialtóir ar a dtugtar Cóitseálaí Poist measúnú riachtanais chun an cineál poist ar mhaith leis an duine a dhéanamh a aithint. |
| Céim B: |
Aimsiú Poist agus Forbairt. Ainmneoidh an Cóitseálaí Poist poist oiriúnacha, déanfaidh anailís poist agus déanfaidh teagmháil le fostóirí ionchasacha. Ansin lorgóidh an Cóitseálaí Poist roghanna poist oiriúnacha. |
| Céim C: |
An cuardaitheoir poist a mheaitseáil le fostóir cuí. An tacaíocht agus cóitseáil riachtanach san ionad oibre a sholáthar don bhfostaí. Tabharfaidh an Cóitseálaí Poist tacaíocht don bhfostóir agus don bhfostaí araon. |
| Céim D: |
Iarchúram agus leanúint-up. Le seirbhís iarchúraim/ar ghlao-dhualgas a sholáthar do chliaint agus fostaithe nuair is cuí. Ba chóir go laghdófaí ar mhéid na tacaíochta a chuirtear ar fáil de réir mar a fhoghlaimíonn an fostaí na scileanna atá de dhíth don phost agus a théann i dtaithí ar an ionad oibre. |
Tá an tseirbhís ar fáil do dhaoine incháilithe uilig faoi mhíchumas atá 'ullamh do phost'. Do chúiseanna an Chláir Fostaíochta faoi Thacaíocht, sainítear ullmhacht do phost mar "dhuine a bhfuil an oiliúint, oideachas, spreagadh agus cumas acu obair/slí beatha a leanúint sa mhargadh saothair oscailte agus más gá, a bhfuil modh iompair acu dul agus teacht ón obair".
Chun iarratas a dhéanamh ar Fhostaíocht faoi Thacaíocht, buail isteach i d'Oifig FÁS áitiúil nó Oifig Seirbhísí Fostaíochta Áitiúil agus cláraigh le FÁS.