Séard is Ionaid Oiliúna Pobail ann ná eagrais neamhspleách pobalbhunaithe maoinithe ag FÁS, agus iad chun tosaigh i bhforbairt na hóige. Déanann siad cúram de riachtanais oiliúna agus fostaíochta lucht luathfhágála scoile, go háirithe iad siúd idir 16 agus 21. Freagra FÁS is ea na hIonaid Oiliúna Pobail ar an mbeartas Youthreach. Féach na sonraí ar
Incháilitheacht.
Tugann FÁS Liúntas Oiliúna do rannpháirtithe ag na hIonaid Oiliúna Pobail agus tá deimhniú ag an oiliúint, agus damhachtainí aitheanta ar Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí.
Tá níos mó ná 40 Ionad Oiliúna Pobail i Suímh ar fud na tíre.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi na hIonaid Oiliúna Pobail, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.