Pobail

baile » Pobail » Tionscnamh Jab

Tionscnamh Jab

Clár is ea an Tionscnamh Jab a thugann fostaíocht lánaimseartha do dhaoine atá 35 bliana nó níos sine, dífhostaithe le 5 bliana nó níos mó, agus ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa tréimhse sin.

I ndiaidh athruithe sa scéim Tionscnamh Jab a rinne an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta go déanach sa bhliain 2004, faoi láthair níl aon earcaíocht ar an scéim ach déanfar athnuachan ar chonarthaí na rannpháirtithe atá ann cheana.

Is é príomhaidhm an chláir cuidiú le daoine atá dífhostaithe le fada ullmhú do dheiseann oibre. Tugann an clár deiseanna do rannpháirtithe taithí oibre, oiliúint agus forbairt a fháil. Faigheann an clár tacaíocht ó ghrúpaí atá ag iarraidh leas a dhéanmah don phobal áitiúil, is iad sin eagraíochtaí deonacha, comhlachtaí poiblí agus iad siúd atá páirteach i ngníomhaíochtaí neambhrabúsacha.

Tugann FÁS tacaíocht airgid chun cuidiú leis an Tionscnamh Jab, mar shampla pá do rannpháirtithe. Freisin, nua atá siad ar an gclár is féidir le rannpháirtithe teidlíochtaí a choinneáil ar nós cártaí leighis nó liúntais leanaí, agus a bheith incháilithe ar chinn eile. Tá an t-eolas seo ar fad ar fáil faoi Liúntais agus Maoiniú.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Tinscnamh Jab, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie