Pobail

baile » Pobail

Tionscnamh Lucht Siúil

D'iarr an Roinn Fiontar, Trádála agsu Fostaíochta ar FÁS tionscnamh ar leith a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt go praiticiúil ar an éagothroime i ndífhostaíocht sa Lucht Siúil, tacaíocht a thabhairt don Lucht Siúil atá gafa cheana féin i ngeilleagar an Lucht Siúil agus Ciste Oiliúna Speisialta (deontais bheaga) a sholáthar chun freastal ar riachtanais an Lucht Siúil fásta.

Príomhghnéithe an Tionscnaimh

Díríonn an tionscnamh píolótach ar Lucht Siúil atá réidh do phost agus tacaíonn sé lena rochtain ar fhostaíocht, forbairt fiontair agus oiliúint.

Díríodh ar cheithre réigiún píolótach - An Clár, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh, agus dhírigh an Chiste Oiliúna Speisialta ar riachtanais oiliúna an Lucht Siúil fásta go náisiúnta.

Sa bhliain 2007, tá sé i gceist ag FÁS cuidiú le leathnú an tionscnaimh don Lucht Siúil i gcontaethe eile agus na réigiúin píolótacha a fhorbairt ar feadh dhá bhliain eile chun príomhghnéithe na hoibre a chur sa phríomhshruth.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Tioscnamh Lucht Siúil, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.
NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie