Pobail

baile » Pobail » Tionscnamh Oiliúna Áitiúil

Tionscnamh Oiliúna Áitiúil

Séard atá sa Tionscnamh Oiliúna Áitiúil ná clár taithí oibre agus oiliúna a ritear sa phobal áitiúil ag grúpaí pobail áitiúla. Ceadaíonn an clár do phobail áitiúla tograí fiúntacha a rith chun leasa na bpobal féin, agus oiliúint a thabhairt do rannpháirtithe i réimsí a bhaineann le hobair an tionscnaimh a chaio is go mbeidh siad in ann dul ar aghaidh isteach i bhfostaíocht nó breis oiliúint.  Tá duine ar bith atá dífhostaithe agus os cionn 16, ag aon leibhéal litearthachta, incháilithe páirt a ghlacadh.

Faoi láthair tugann an Tionscnamh Oiliúna Áitiúil tacaíocht d'iliomad eagraíochtaí i dtionscnaimh lena n-áirítear gineolaíocht, comhshaol, oidhreacht, tursóireacht, amharclann, spóirt agus traenáil. Tá roinnt tionscnaimh dírithe ar ghrúpaí ar leith sa sochaí, ar nós mná, lucht luathfhágála scoile, fir, daoine gan dídean, andúiligh, priosúnaigh, lucht siúil, srl. Féach tuilleadh eolais ar Incháilitheacht do Mhaoiniú  ar Thionscnamh Oiliúna Áitiúil.

Tugann FÁS tacaíocht i bhfoirm Liúntais agus Maoiniú chun cuidiú le Tionscnamh Oiliúna Áitiúil, mar shampla, liúntais oiliúna do rannpháirtithe agus deontais do mhaoirseoirí, ábhair agus riarachán.

Tugtar deimhniú do Thionscnamh Oiliúna Áitiúil agus bronntar damhachtainí aitheanta ar Chreatlach Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin Tionscnamh Oiliúna Áitiúil, déan teagmháil le d'Oifig FÁS áitiúil.

NDP Logo
Transforming Ireland

Éist leis an suíomh seo le Browsealoud
HCI/OP Logo European Social Fund Logo
Ag infheistiú i do dhán         
Some programmes are co-funded by the ESF www.esf.ie